Вводятся нововведения, стабильная работа начнется со следующего понедельника...
Загрузка...
Произошла ошибка!
Sláinte agus Saol Agat

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin do'n té sin nach mbaineann sin dó

Má théim ‹na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad é sin do›n té sin nach mbaineann sin dó

Má théimse chuig airnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí ‹s gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó cad é sin do›n té sin nach mbaineann sin dó

Deir daoine go bhfuil mé gan rath ‹s gan dóigh
Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór
Má tá mise sásta mó chónaí i gcró
Ó cad é sin do›n té sin nach mbaineann sin dó

1009873 | -1 | 18 Апреля 2012 @ 20:24 | №1009873 Добавить комментарий
Читают: 1 | Отвечают: 0 Всего: 51 просмотр
Комментировать: Правила разметки

(← + Сtrl) вернуться назадк новым сообщениям (Сtrl + →)

Кликните мышкой, чтобы скрыть просматриваемое изображение.